Urraíocht

Ba mhaith le daltaí agus foireann teagaisc Choláiste Naomh Eoin, buíochas ó chroí a ghabháil le chuile dhuine a thug & a thugann tacaíocht chun an ócáid seo​​ a reachtáil.

Tá buíochas ar leith ag dul do na hurraitheoirí ar fad ar an mórthír agus ar an oileán, go mór mhór Tarlach de Blácam ó ‘Cniotáil Inis Meáin Teo.’ a bhronnann na duaiseanna ar na buaiteoirí gach bliain. Buíochas mór do BWG Foods a rinne urraíocht ar na deochanna fuinnimh agus barraí. Buíochas do Noel Ó Conghaile agus Máirtín Ó Flaithearta a mharcáil an cúrsa dúinn, agus do na daoine a dhéanann na stáisiúin uisce. Do na tuismitheoirí agus Mná Tí, Choláiste Naomh Eoin a thugann a gcuid ama agus cúnamh dúinn ar an lá. Díobh fhéin ar fad a chuireann bhúr gcuid ama agus díograis féin isteach ann, tá muid fíor bhuíoch díobh as ucht an ócáid bhliantúil seo do Choláiste Naomh Eoin a dhéanamh chomh speisialta agus chomh rathúil is atá sé inniú. Buíochas speisialta do Thomás Breathnach, Timire Gaeilge Bord Oideachais agus Oiliúna Gaillimhe agus Ros Comáin a thugann an oiread tacaíocht dúinn i rith na scoilbhliana.

CÁRTAÍ URRAÍOCHTA

Ó am go h-am, cuirtear ceist faoi cártaí urraíochta chun airgead breise a bhailiú don scoil. Dá mba mhaith leat ceann, cuir ríomh-phost chugainn ag info@inisironmeain.com le d’ainm agus seoladh agus seolfaidh muid ceann chugat.

Ár nUrraitheoirí:

Cniotáil Inis Meáin Teo.

Island Ferries

Aer Arann                      

Castlecourt Hotel

Lasta Mara            

Imperial Hotel                               

Teach Ósta, Inis Meáin

Inis Meáin Restaurant & Suites   

Value Centre Cash & Carry

                               

An Dún, Inis Meáin

Siopa Ruaidhrí Beag, Inis Meáin