Taisteal


Ní fhéadfadh sé a bheith níos simplí taisteal chuig Oileáin Árann. Tá rogha ar fáil idir bháid agus eitiltí, a chuireann seirbhís den scoth ar fáil chuig agus ó na h-oileáin cúpla uair chuile lá.

Eitil go hInis Meáin taobh istigh de 6 nóiméad le Aer Arann.

Fágann na heitiltí ó Indreabhán, Conamara (45 noiméad tiomáint as Gaillimh).

Rátaí speisialta ar fáil do ghrúpaí

Aistriú ar mion-bhus ar fáil chuig agus as Gaillimh.

Fón: 091-593034

Suíomh Idirlín: www.aerarannislands.ie

aeraran fly to Inis Meain

Seol chuig Inis Meán i 45 nóiméad le Aran Island Ferries.

Fágann na báid ó Ros a’ Mhíl, Conamara ag 10.30 r.n & 6.00 i.n  go laethúil.

Fágann na báid Inis Meáin, don turas ar ais ag 8.00 r.n agus 4.30 i.n go laethúil (8.45 r.n agus 4.30 i.n ar an Domhnach)

Rátaí Speisialta ar fáil do ghrúpaí.

Aistriú ar bhus ar fáil chuig agus as Gaillimh.

Fón: 091-568903

Suíomh Idirlín: www.aranislandferries.com

aran island ferries Sail to Inis Meain

Seol chuig Inis Meáin as Dúhlainn le Doolin to Aran Ferries.

Seoltar ar maidin agus tráthnóna. Ní mór seiceáil leis an oifig maidir le ham seoil.

Rátaí Speisialta ar fáil do ghrúpaí

Braitheann an tseirbhís seo ar an aimsir mar sin ní mór seiceáil leis an oifig roimh ré.

Fón: 065-7075949

Suíomh Idirlín: www.doolin2aranferries.com

aran island ferries Sail to Inis Meain