An Oileán

INIS MEÁIN – Traidisiún Beo

Is trí oileán bheaga agus mhórthaibhseacha ar chósta iarthar na hÉireann iad Oileáin Árann. San iarthar, cruthaíonn agus múnlaíonn an tAigéan Atlantach na sceirdeacha aolchloiche seo, rud a fhágann iargúlta agus garbh iad ach ag am céanna coinníonn siad a ndraíocht agus a suaimhneas.

Den trí oileán, tá rud éigin speisialta faoi Inis Meáin. Is é Inis Meáin an t-oiléan lárnach idir Inis Mór agus Inis Oírr. Mar gheall ar an neamhspléachas traidisiúnta seo ó chósta an Chláir agus Chonamara, d’fhás meon oileánach neamhspléach i measc na ndaoine. In áit é a shaothrú, mhair na hoileánaithe seo ar cheiliúradh a n-oidhreacht, mar sin is é Inis Meáin an t-oileán is lú a dtugtar cuairt air d’Oileáin Árann agus a labhraítear an Ghaeilge ina foirm fhíorghlan. Tá an t-oileán saor ó choimpléascacht agus éilimh na mórthíre agus cé go nglacann Inis Meáin le háisiúlacht an tsaoil nua-aimseartha, ag an am céanna, coinníonn sé an t-áilleacht, cultúr agus tradisiún atá uathúil don oileán.

Mhol W.B. Yeats don scríbhneoir John Millington Synge cuairt a thabhairt ar an oileán. Thaithin sé an oiread sin leis, gur chaith sé roinnt samhraí ar an oileán agus bhí Inis Meáin mar ionsparáid dá chuid oibre. Tá  Inis Meáin ar cheann de na h-áiteacha is tábhachtaí de chultúr traidisiúnta na hÉireann.

Tá an t-oileán 2.5km ar leithead agus 5km ar fhad agus tá na tírdhreacha mórthaibhseach. Tá an t-oileán clúdaithe le haolchloch Karst agus tá ailltreacha, tránna agus claíocha cloiche le feiceáil go forleathan.