Eolas ar an Rás

2015 INIS IRON MEÁIN 1OK

DÁTA:

SATHARN 12/03/16

TÚS:

12:45 I.N. Ar an bpointe!

ÁIT:

HALLA NAOMH EOIN, INIS MEÁIN, Oileáin Árann

DÁTA DEIRIDH CLÁRAITHE:

Déardaoin 10/03/16 @ MÉANOÍCHE

CLÁRÚ:

HALLA NAOMH EOIN 10.30 – 12.00 I.N.

EOLAS ar an RÁS:

Beidh brat na drtí dhath a bhronnadh chomh maith le cóip de fhorógra na Cásca roimh thús an rása.

12.45 I.N

TÁILLE CHLÁRÚCHÁIN:                 

Tá 3 chineál rása i gceist:

  • 5km ar an mbóthar
  • Cúrsa Crua 10 km ar an mbóthar
  • Cúrsa Fíor Chrua 12km ar an mbóthar agus an trá

Má shocraíonn tú athrú a dhéanamh ar an gcineál rása atá roghnaithe agat is féidir r-phost a chur ag info@inisirinmeain.com roimh Déardaoin an 10ú Márta 2016.

Tá praghas speisialta €30 má chláraítear ar líne roimh meán-oíche an 29ú Feabhra 2016. €50 ina dhiaidh sin.

Tá Táille speisialta ar fáil do theaghlaigh ach iarratas a dhéanamh ar an lá. 

Tá Táille speisialta ar fáil do mhic léinn meánscoile ach iarratas a dhéanamh ar an lá.

€20 do mhuintir an oileáin. Séard a ghlacann muid mar oileánach ná: aon duine as an oileán nó atá ag maireachtáil ar an oileán, aon duine a bhfuil a t(h)uismitheoirí as an oileán nó aon duine pósta le duine as Inis Meáin. Ní bheidh aon duine eile i dteideal an lascaine seo.

Má fhágtar clárú don rás go dtí an lá, ní féidir a bheith cinnte go mbeidh mála bronntanais ar fáil, mar tugtar tús áite do na daoine a chláraíonn ar líne. Mar sin, cláraigh ar líne roimh ré agus ní bheidh díoma ort! Muna bhfuil tú abálta clárú ar líne, cuir glaoch ar an scoil ar 099 73991 agus is féidir linn an clárú ar líne a dhéanamh duit.

FAIGHEANN CHUILE IONTRÁLAÍ MÁLA BRONNTANAIS LE: 

  • Uimhir Rása
  • Balcaisí Chniotáilte ó Chniotáil Inis Meáin Teo. (www.inismeain.ie)
  • T-léine Inis Iron Meáin
  • Deoch fuinnimh, Barra Fuinnimh agus torthaí
  • Mapa an Chúrsa Oileáin