Tarscaoileadh

Trí dhul san iomaíocht don imeacht seo, admhaím agus glacaim leis go bhféadfadh rith agus siúl rás a bheith guaiseach. Níor chóir dom iontráil ná páirt a ghlacadh sa rás mura bhfuilim ábalta ó thaobh mo shláinte de agus mura bhfuil traenáil cheart déanta agam. Comhaontaím géilleadh d’aon chinneadh ó oifigeach eagraithe an ráis maidir le m’ábaltacht an imeacht a chríochnú go sábhailte. Glacaim le chuile chóntóirt a bhaineann le rith an ráis, ina measc, ach ní teoranta chuig, titim, teagmháil le rannpháirtithe eile, tionchar aimsire, teochtaí arda nó fíor-fhuacht san áireamh, coinníollacha an bhóthair agus trácht ar an gcúrsa, le heolas agam faoi chuile chóntóirt dá leithéid agus luachmhéadú agam orthu.

Tar éis dom an tarscaoileadh seo a léamh agus eolas agam ar na fíricí seo, agus ag glacadh leis go ndéanfaidh sibh breithniú ar m’iarratas iontrála, déanaim thar mo cheann féin, agus thar cheann aon duine i dteidil gníomhú ar mo shon, Inis “Iron” Meáin, Coláiste Naomh Eoin, a lucht urraíochta ar fad agus a n-ionadaithe agus a gcomharbaí ar fad a tharscaoileadh agus a éisiúint ó aon éilimh nó dliteanais d’aon chinéal a d’fhéadfadh eascairt de bharr dom páirt a ghlacadh sa rás nó / agus i ngníomhaíochtaí club, le cailliúint nó damáiste a dhéanfaí do mo mhaoin pearsanta san áireamh, cé go bhféadfadh dliteanas eascairt de bharr faillí nó mí-chúram ar thaobh na ndaoine ainmnithe sa tarscaoileadh seo.

Tugaim cead do na daoine ainmnithe roimhe seo thuas, úsáid a bhaint as aon ghrianghraf, pictiúirí gluaisne, taifeadtaí nó aon taifid eile den imeacht seo d’aon fheidhm dlisteanach.