Coláiste Naomh Eoin

COLÁISTE NAOMH EOIN, INIS MEÁIN – OIDEACHAS DIFRIÚIL!

 

Is féidir oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil anseo in Inis Meáin. Is scoil chónaithe mheasctha í Coláiste Naomh Eoin a thairgíonn timpeallacht oideachasúil an-speisialta do chuile dhalta. Bunaíodh an scoil i 2002. Tá cóimheas múinteoirí-scoláirí an-íseal againn a chuireann caidrimh dearfach ar fáil, le meas ar a chéile agus torthaí acadúla maithe.

Is oileán suaimheach é a chuireann timpeallacht shábháilte ar fáil i bhfad ó shaol na mórthíre. Bíonn na scoláirí mar pháirt den phobal cáirdiúil Gaelach agus mar bhall de chlann “Bhean an Tí”. Mar gheall ar an tum-oideachass seo, baineann na scolairí líofacht sa teanga amach taobh istigh d’achar gairid. Chomh maith leis seo, déanann na scoláirí cairdeas a mhaireann i gcaitheamh a saoil agus tagann méadú ar a muiníneacht agus a neamhspléachas.

Má tá eolas agat ar aon scoláire ar mhaith leo an seans staidéar a dhéanamh in Inis Meáin, tabhair cuairt ar www.colaistenaomheoin.ie. Bronntar scoláireachtaí ar bhonn iarratas agus agallamh. Tá roinnt scoláireachtaí saor in aisce ar fáil roimh mhí an Mheithimh chuile bhliain. Is féidir dul i dteagmháil le Mairéad, Príomhoide na scoile ar 087 7775567 le h-aghaidh tuilleadh eolais.

colaiste-logo

www.colaistenaomheoin.ie