TRAENÁIL LE h-AGHAIDH 10K – TREOIR DO THOSAITHEOIR
Blianta fada ó shin, bhíodh daoine ag rith chun breith ar chreach nó éalú ó dhainséar. Tá éileamh ar an rith anois arís. Is aclaíocht an-mhaith é chun do shláinte agus corpacmhainn a fheabhsú. Bíonn gach príomh-mhatán sa gcorp in úsáid agus feabhsaíonn sé go mór an córas cardashoitheach. Le h-aghaidh meáchán a chailleadh, dóann tú 130 calraí gach 10 nóiméad ag braith ar cé chomh sciobtha is a ritheann tú.
Má tú in ann siúl, tá tú in ann rith!
Níl traenáil do 10k chomh deacair is a cheapfá. Feabhsaíonn tú do chuid teacht aniar (stamina) de réir a chéile agus le go n-oibreoidh sé, caithfidh tú plean traenála a leanacht cúpla uair sa tseachtain chun torthaí maithe a fháil. Mar rogha aclaíochta nó spóirt, níl rud ar bith níos éasca ná níos saoire ná rith. Tá babhta traenála do do chorp iomlán ar fáil ach do bhróga reatha a chuir ort, dul amach an doras agus síos an bóthar leat.
Plean Traenála do Inis Iron Méain
Sula dtosaíonn tú ag traenáil, déan cinnte go dtéann tú suas tú féin i gceart; is féidir é seo a dhéanamh thríd siúlóid ar feadh 5-10 nóiméad. Chomh maith leis sin ba chóir duit fuarú síos agus síneadh a dhéanamh tar éis na traenála.
Seachtain 1 |
|
|
Seachtain 2 |
|
|
Seachtain 3 |
|
|
Seachtain 4 |
|
|
Seachtain 5 |
|
|
Seachtain 6 |
|
|
Seachtain 7 |
|
|
Seachtain 8 |
|
I ndiaidh na traenála seo, déan iarracht rith ar feadh 30 nóiméad 4 uair sa tseachtain suas go dtí an rás agus feicfidh tú do chuid aclaíochta fhéin ag feabhsú i gconaí. Lean ort á dhéanamh seo agus beidh tú réidh le haghaidh do chéad rás 10k.
Leideanna:
- Úsáid do chuid anála le treoir a thabhairt duit agus tú ag rith.
- Ba cheart go mbeadh tú in ann comhrá a bheith agat agus tú ag rith.
- Ní cheart go mbeadh do chuid anála trom.
- Bíodh uaireadóir agat chun an t-am a choinneáil duit fhéin.
- Ól neart uisce tar éis agus i rith do chuid traenála más féidir chun cabhrú leat agus do chuid anála a choinneáil faoi smacht.